Safe2Eat
Tá sé mar aidhm ag #Safe2EatEU cabhrú leat tuilleadh eolais a fháil faoi shábháilteacht bia san Eoraip agus faoin gcaoi ar féidir leat cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis an mbia le ceannach, le hithe agus le taitneamh a bhaint as go sábháilte agus go sláintiúil gach lá.
Téamaí Safe2Eat
Cad atá i do bhia
Tá meas ag an gcuid is mó againn ar cad ata inár mbia cibé an bhfuilimid ag siopadóireacht san ollmhargadh, ag cócaireacht sa bhaile, nó ag ithe i mbialann le cairde agus le teaghlaigh.
Bia agus do shláinte
Maidir leis an gcuid is mó againn, trí éagsúlacht a chur sa mhéid a ithimid – úsáid a bhaint as go leor comhábhar úr in éineacht le bianna próiseáilte, agus trí mhodhanna cócaireachta éagsúla a úsáid cuidítear lenár n-aiste bia a chothromú agus cuirtear lenár sláinte agus lenár bhfolláine.
Bia a láimhseáil go sábháilte
Tá do bhia sábháilte nuair a bhíonn sé úr agus á láimhseáil i gceart. Tugann rialacha Eorpacha agus náisiúnta, le tacú ón eolaíocht, tacaíocht d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí, do bhialanna agus do thomhaltóirí chun a áirithiú go mbíonn do bhéile laethúil sábháilte le hithe.
Tíortha rannpháirteacha
Faigh amach faoi shábháilteacht bia i do thír féin - le faisnéis shaincheaptha faoina bhfuil ar siúl inár dtíortha rannpháirteacha uile.
Sraith straitéisí
Cuireann ár sraith straitéisí acmhainní tír-shonracha ar fáil - ábhair phreasa, íomhánna, poist sna meáin shóisialta, etc. - ar ábhair roghnaithe a bhaineann le sábháilteacht bia, le sláinteachas bia, agus le sláinte agus cothú.