Tá eolas, taithí agus cinnteoireacht shaineolaithe eolaíochta seachtracha EFSA i gcroílár ár gcuid oibre. Tá painéil eolaíochta EFSA freagrach as formhór mheasúnuithe an Údaráis. Tá gach ceann de na 10 bpainéal tiomnaithe do réimse éagsúil den bhiashlabhra agus den slabhra beathaithe.
Tá sé de chúram ar an gCoiste Eolaíochta tacú le hobair na bpainéal ar shaincheisteanna eolaíochta leathana. Díríonn sé ar mhodheolaíochtaí comhchuibhithe measúnaithe riosca a fhorbairt i réimsí nach bhfuil cuir chuige ar fud an AE sainithe iontu go fóill.
Déantar comhaltas an Choiste Eolaíochta agus na 10 bpainéal a athnuachan gach cúig bliana, tar éis nós imeachta roghnúcháin críochnúil agus trédhearcach.